Aoine Bheo

Bheartaíomar go mbeadh ‘Aoine Bheo’ againn sa scoil uair sa mhí chun seans a thabhairt dúinn spraoi agus craic a bheith againn trí ghaeilge. Le linn an tseachtain dheiridh de gach mí, tugtar seans do na daltaí ticéidí a bhuachaint nuair a usáideann siad a gcuid gaeilge mórthimpeall na scoile. Bíonn tionól mhór againn sa halla le céilí agus bíonn seans againn cluichí a imirt, amhráin a chasadh, agus drámaí a léiriú d’á chéile.