Halloween 2017

Aoine Bheo- ‘Oíche Shamhna 2017’

Bhí an-chraic againn le Aoine Bheo. Bhíomar gléasta mar chreatlachaí, cailleachaí, fir grinn, taibhsí, zombaithe agus alán rudaí eile don seó faisean. Channamar ár n-amhráin ‘Oíche Shamhna’ ( fonn ‘Thriller’) agus ‘Óró ‘sé do bheatha abhaile’ agus chasamar ar na giotáir.

Oíche Shamhna (fonn ‘Thriller’)

Oíche Shamhna, tá páistí gléasta suas mar chailleachaí

Bob nó bia, féach ar na vaimpírí is creatlachaí

Faigí puimcín, cnónna, torthaí, báirin breac don fhéasta

Tinte ealaíne- tá sceitimíní áthais ar na páistí

Tine chnámh!

Curfá:

Oíche , Oíche Shamhna

Ar an aonú lá is tríocha de mhí Dheireadh Fómhair

Oíche , Oíche Shamhna

Téann páistí ag bailiú torthaí, milseáin, seacláid anocht.

 

Categories: News